Seachtain na Gaeilge 2026, Comhrá Sos Lóin
le Rónán Ó Raghallaigh, Déardaoin, 12ú Márta, 1-2 pm
An Ghaeilge agus NIVAL
Táimid ag súil lenár gcéad chaint lán-Ghaeilge riamh a chur i láthair i NIVAL!
Agus go leor againn ag athfhoghlaim ár dteangacha dúchais, conas is féidir le leabharlann ealaíne tacú leis an bpróiseas seo agus é a cheiliúradh?
Bígí linn le Rónán Ó Raghallaigh, Cúntóir Leabharlainne agus foghlaimeoir Gaeilge, le haghaidh cainte faoin nGaeilge agus NIVAL. Pléifimid an chaoi ar cuireadh fáilte roimh an nGaeilge sa leabharlann chomh maith le hábhar samplach ón gcartlann.
Beidh an chaint seo trí mheán na Gaeilge agus cuirfear aistriúchán ar fáil d’fhocail nach bhfuil coitianta. Tá fáilte roimh chách beag beann ar leibhéal nó muinín sa teanga – má tá tú líofa, cúpla focal agat nó gan focal ar bith!

Seachtain na Gaeilge 2026
Comhrá Sos Lóin
1 pm, Déardaoin, 12ú Márta
Seomra Léitheoireachta NIVAL

Seachtain na Gaeilge
Lunchtime Talk
1 pm, Thursday, 12th March
NIVAL Reading Room
Irish and NIVAL
We are excited to share our first ever talk through Irish in NIVAL!
As many of us re-learn our native languages, how can an art library support and celebrate this process?
Join Library Assistant and Irish language learner Rónán Ó Raghallaigh for a talk about the Irish language and NIVAL. We will discuss how Irish has been welcomed in the library as well as sample material from the archive.
This talk will be through Irish with translation provided for less common words. All are welcome regardless of level or confidence with the language- whether you are fluent, have a few words or none!

We ask that visitors do not bring food or drink into the Reading Room during these sessions.
How to find us
Haven’t visited NIVAL before? Find directions and a map to help you find us on the NCAD campus.
NIVAL gratefully acknowledges the support of the Arts Council of Ireland.