10 Rud as Gaeilge | 10 Things in Irish
Is ealaíontóir agus Cúntóir Leabharlainne NIVAL é Rónán Ó Raghallaigh. Cothaíonn sé caidrimh dhíchoilíneacha le béaloideas, talamh agus teanga thar am agus áit. Thosaigh sé ag athfhoghlaim na Gaeilge mar dhuine fásta in 2022, rud atá anois ina chuid dhílis dá shaothar.
Tá go leor rudaí a bhaineann leis an nGaeilge i NIVAL. Seo 10 rud a roghnaigh Rónán do Sheachtain na Gaeilge, a chabhróidh leat an teanga agus a nasc leis an ealaín a cheiliúradh, is cuma cén leibhéal Gaeilge atá agat!
Rónán Ó Raghallaigh is an artist and NIVAL Library Assistant. He grows decolonial relationships with folklore, land and language across time and place. He began re-learning Irish as an adult in 2022, which is now an integral part of his work.
NIVAL holds many items relating to the Irish language. Here are 10 things chosen by Rónán for Seachtain na Gaeilge, which will help you celebrate the language and its connection to art, no matter what level of Irish you have!
10. Comhad Gailearaí Áras Éanna
Áras Éanna Gallery File
Tá go leor ionad ealaíne lonnaithe i gceantair Ghaeltachta a chuireann an Ghaeilge agus an ealaín chun cinn. Is ionad ealaíne é Áras Éanna le spás gailearaí, siopa, amharclannaíocht agus clár cónaitheachta ar Inis Oírr.
There are several art centres situated in Gaeltacht regions promoting Irish and art. Áras Éanna is an art centre with a gallery space, shop, theatre and residency programme on Inis Oírr.
Comhad Gailearaí Áras Éanna, Bailiúchán Comhaid Gearrshaolta
Áras Éanna Gallery File, Ephemera Files Collection
9. Nótaí Lámhscríofa ar Chónaitheacht Áras Éanna, Helen Comerford
Handwritten notes after Áras Éanna residency, Helen Comerford
Scríobhadh an téacs seo i rith cónaithe Helen Comerford ag Áras Éanna. Deir an chuid Gaeilge ‘Tháinig mé ag lorg an fhairrige, ac fuair mé spéir.’
This text was written during Helen Comerford’s residency at Áras Éanna. The Irish language section reads ‘Tháinig mé ag lorg an fhairrige, ac fuair mé spéir’ (I came looking for the sea, but I found sky).
Nótaí Lámhscríofa ar Chónaitheacht Áras Éanna, 2005. Bailiúchán Helen Comerford
Handwritten notes on Áras Éanna residency, 2005. Helen Comerford Collection
8. ‘Achar no.6’, 2018, Sinéad Ní Mhaonaigh
Is minic a úsáideann ealaíontóirí Gaeilge le haghaidh teidil a gcuid saothar. Tá Gaeilge ag Sinéad Ní Mhaonaigh agus tá teidil i nGaeilge ar go leor dá pictiúir.
Artists often use Irish for the titles of their work. Sinéad Ní Mhaonaigh is an Irish speaker and many of her paintings are titled in Irish.
Sinéad Ní Mhaonaigh: Volume IV. 2021. Ní Mhaonaigh, S. Bailiúchán Leabharlainne Tagartha
Sinéad Ní Mhaonaigh: Volume IV. 2021. Ní Mhaonaigh, S. Reference Library Collection
7. ‘An sanasán uisce = the water glossary’, Carol Anne Connolly
Modh coitianta d’ealaíontóirí chun an Ghaeilge a úsáid ná gluaiseanna a chruthú. Is minic a bhaineann na focail a bhailítear le háiteanna sonracha, agus bíonn siad i mbaol dearmad a dhéanamh orthu. Bailíonn ‘An sanasán uisce = the water glossary’ focail do shaolta uisciúla, amhail ‘breaclá’ agus ‘ceol sruthán.’
A popular method for artists to include Irish is the production of glossaries. Often, the words collected relate to specific places, and are at risk of being forgotten. ‘An sanasán uisce = the water glossary’ collects words for watery worlds, such as ‘breaclá’ (dappled day, a day of sun and rain) and ‘ceol sruthán’ (the murmuring of a stream).
An sanasán uisce = the water glossary. Connolly, C.A. agus Macfarlane, R. 2016. Bailiúchán Leabharlainne Tagartha
An sanasán uisce = the water glossary. Connolly, C.A. and Macfarlane, R. 2016. Reference Library Collection
6. ‘Amhrán na mBeach (Song of the Bees)’, Softday
Is comhoibriú idir an t-ealaíontóir Sean Taylor agus an t-eolaí ríomhaireachta Mikael Fernström é Softday. In ‘Amhrán na mBeach’, chruthaigh siad scóir cheoil agus ealaín fuaime bunaithe ar shonraí faoi ghalair beach agus caillteanais coilíneachta in Éirinn, agus taifeadtaí fuaime ó beachairí.
Softday is a collaboration between artist Sean Taylor and computer scientist Mikael Fernström. In ‘Amhrán na mBeach’, they created musical scores and sound art based on data about bee diseases and colony losses in Ireland, and field recordings by beekeepers.
Amhrán na mBeach, Softday, 2013. Bailiúchán Comhaid Gearrshaolta
Amhrán na mBeach (Song of the Bees), Softday, 2013. Ephemera Files Collection.
5. ‘A Little Book of Brigid’, Blueway Art Studio
Tugann ‘A Little Book of Brigid’ aitheantas do mhná comhaimseartha agus comórann sé Naomh Bríd. Tá filíocht ann i mBéarla agus i nGaeilge, le léaráidí beoga ó 7 n-ealaíontóir.
‘A Little Book of Brigid’ recognises contemporary women and commemorates Saint Brigid. It contains poetry in English and Irish, with vibrant illustrations by 7 artists.
A Little Book of Brigid, Blueway Art Studio, 2024. Eagrán uimh. 76/100. Bailiúchán Leabhar Ealaíontóirí, AB/1167.
A Little Book of Brigid, Blueway Art Studio, 2024. Edition no. 76/100. Artists Books Collection, AB/1167.
4. Cárta Ceadaithe Dearaidh Stampa Chonradh na Gaeilge
Conradh na Gaeilge Stamp Design Approval Card
Is eagraíocht í Conradh na Gaeilge a chuireann an Gaeilge chun cinn. Dhear Brendan Donegan an cruthúnas dearaidh stampa seo, ónár mbailiúchán Dearaidh Stampaí Oifig an Phoist, agus eisíodh é sa bhliain 1993.
Conradh na Gaeilge is an organisation which promotes the Irish language. This stamp design proof, from the Post Office Stamp Design collection, was designed by Brendan Donegan and issued in 1993.
Cárta Ceadaithe Dearaidh Stampa Chonradh na Gaeilge, 1993, deartha ag Brendan Donegan agus eisithe mar cheiliúradh ar chomóradh céad bliain Chonradh na Gaeilge. Dearadh Stampa Oifig an Phoist, Bailiúchán Priontála agus Póstaer.
Conradh na Gaeilge Stamp Design Approval Card, 1993, design by Brendan Donegan and issued in celebration of the centenary of Conradh na Gaeilge. Post Office Stamp Design, Print and Poster Collection.
3. An Bainríoghan Tailte, Oliver Sheppard
Dhear Oliver Sheppard boinn d’Aonach Tailteann. Ba chomórtas spóirt náisiúnta é seo i mBaile Átha Cliath tar éis bhunú an tSaorstáit, ag comóradh cluichí ársa na hÉireann in onóir na bandia Tailte.
Oliver Sheppard designed medals for Aonach Tailteann (the Tailteann Games). This was a national sport competition held in Dublin after the formation of the Free State, commemorating ancient Irish games in honour of the goddess Tailte.
An Banríoghan Tailte, bonn duaise buailte i gcré-umha, aghaidh agus cúl, 1922. Bailiúchán Oliver Sheppard.
An Banríoghan Tailte, prize medal struck in bronze, obverse and reverse, 1922. Oliver Sheppard Collection.
2. ‘Mega Dreoilín’, NAMACO, 2024, (Dónal Fullam & Han Hogan)
Déanann ‘Mega Dreoilín’ físchluiche de ghéarchéim tithíochta Bhaile Átha Cliath. Tá dolmainí agus déithe ársa ar nós An Mórrígan le feiceáil ann, agus tagraíonn an teideal don dreoilín – éan beag bídeach a throidfaidh i gcoinne bultúir na cathrach.
Tionscadal eile a bhí ar taispeáint ag Pallas Projects ná ‘Super Gáirdín’ (Michelle Doyle agus Cóilín O’Connell) – scannán ina bhfuil cloch, a chuimsíonn bandia na Cailleach, ag labhairt Gaeilge.
‘Mega Dreoilín’ turns Dublin’s housing crisis into a video game. It features ancient dolmens and deities such as the Morrigan, and the title references the Irish word for wren- a tiny bird who will combat the city’s vultures.
For another project exhibited at Pallas Projects, see ‘Super Gáirdín’ (Michelle Doyle and Cóilín O’Connell)- a film in which a stone, who embodies the goddess the Cailleach, speaks Irish throughout.
Comhad Gailearaí Pallas Projects/Studios, Bailiúchán Comhaid Gearrshaolta
Pallas Projects/Studios Gallery File, Ephemera Files Collection
1. ‘An tOileánach’, Tomás Ó Criomhtháin, with illustrations by Maria Simonds-Gooding
‘An tOileánach’, Tomás Ó Criomhtháin, le léaráidí le Maria Simonds-Gooding
Tá leabhair Ghaeilge maisithe ag ealaíontóirí i NIVAL. Sampla amháin is ea ‘An tOileánach’ le Tomás Ó Criomhthain, le léaráidí le Maria Simonds-Gooding.
The NIVAL Reference Library contains Irish language books illustrated by artists. One example is ‘An tOileánach’ (The Islander) by Tomás Ó Criomhthain, with illustrations by Maria Simonds-Gooding.
An tOileánach. Ó Criomhthain, T., Ua Maoileoin, P. agus Simonds-Gooding, M. 1973, Talbot Press. Bailiúchán Leabharlainne Tagartha
An tOileánach. Ó Crohan, T., Ua Maoileoin, P. and Simonds-Gooding, M. 1973, Talbot Press. Reference Library Collection






































